Volunteer at the Fleadh in Belfast
Déan obair dheonach ag an Fhleadh i mBéal Feirste
Cuidigh linn fáilte a chur roimh an domhan go Béal Feirste
Tugann Fleadh Cheoil na hÉireann ceoltóirí, taibheoirí agus cuairteoirí ó fud fad na hÉireann agus áiteanna níos faide i gcéin le chéile don cheiliúradh is mó ar domhan ar cheol agus ar chultúr na hÉireann. Beidh an fhéile mór le rá ar ais i mBéal Feirste ó 1-8 Lúnasa 2027.
Is é na daoine iad féin a chothaíonn a t-atmaisfeár bríomhar ag an Fhleadh. Tá muid ar lorg oibrithe deonacha a bhfuil cairdiúil agus díograiseach le cuidiú linn fáilte a chur roimh chuairteoirí agus eispéireas dodhearmadta a chur ar fáil ar fud na cathrach.
Is cuma má tá suim agat sa cheol agus sa chultúr, má tá suim agat bualadh le daoine nua, nó má tá tú díreach ag iarraidh a bheith páirteach sa mhórócáid seo i mBéal Feirste, beidh deis obair dheonach ann duit.
“Tá mé go fóill ar mhuin na muice i ndiaidh dom obair dheonach a dhéanamh. Éispéireas den scoth a bhí ann ón chéad lá, ardú croí a bhí ann bualadh le hoibrithe deonacha agus cuairteoirí, íocshláinte ceart, agus bhuail mé le daoine a mbeidh mé cairdiúil leo don saol.”
Cad chuige obair dheonach?
In 2026, rinne breis agus 1,300 oibrí deonach níos mó ná 3,500 seall, rud a chuidigh go mór linn fáilte a chur roimh dhaoine agus éispéireas speisialta a chur ar fáil ag an Fhleadh. Le réimse uaireannta solúbtha in áiteanna difriúla, tugann an obair dheonach an deis duit:
- páirt a ghlacadh sa cheiliúradh is mó ar domhan ar cheol agus ar chultúr na hÉireann
- cuidiú linn le fáilte chroíúil cháiliúil Bhéal Feirste a thaispeáint don domhan
- bualadh le daoine nua agus a bheith páirteach d’fhoireann ar fud na cathrach
- tacú le cuairteoirí, taibheoirí agus rannpháirtithe
- páirt a ghlacadh in ócáid sa chathair nach ndéanfar dearmad air go deo
Róil d’oibrithe deonacha
Beidh réimse deiseanna obair dheonach ann, lena n-áirítear:
- Ambasadóirí Sráide – cuairteoirí a threorú thart ar an chathair agus cuidiú leo an leas is fearr a bhaint as a n-éispéireas ag an Fhleadh
- Tacaíocht do Chomórtais – Tacaíocht a thabhairt in ionaid chomórtais agus léirithe
- Tacaíocht don Fhéile imeallach – Tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí chultúrtha agus phobail fud fad na cathrach
- Tacaíocht don Scoil Éigse – cuidiú a thabhairt le ceardlanna, léirithe agus deiseanna foghlama a chur ar fáil
Cuirfear traenáil ar fáil le tacú leis na róil uilig.
“Bhuail mé le daoine iontacha le linn na seachtaine. Bhí bród ar daoine an t-léine bhuí a chur orthu agus d’fhás comrádaíocht eadrainn, rud a rinne mo chéad uair ag déanamh obair dheonach an-speisialta ar fad. Tá súil agam go mbeidh mé ar ais le é uilig a dhéanamh arís ag Fleadh 2027.”
Cláraigh
Is é Volunteer Now atá ag bainistiú earcaíochta na hoibrithe deonacha don Fhleadh i mBéal Feirste. Téigh chuig suíomh idirlín s’acu le tuilleadh eolais a fháil ar na deiseanna atá ar fáil agus an dóigh le clárú.
Tá ról tábhachtach ag oibrithe deonacha le fáilte a chur roimh dhaoine agus éispéireas taitneamhach, nach ndéanfar dearmad air, a chur ar fáil do gach uile duine a mbeidh ag freastal ar an Fhleadh. Agus tú ag déanamh obair dheonach, cuideoidh tú le cuairteoirí teacht ar cheol agus ar chultúr na Fleidhe, chomh maith leis sin, cuideoidh tú le cur leis an fháilte, carachtar agus spioraid phobail a fhágann go bhfuil Béal Feirste chomh speisialta sin.
Volunteer at the Fleadh in Belfast
Help Belfast welcome the world
Fleadh Cheoil na hÉireann brings together musicians, performers and visitors from across Ireland and beyond to the world’s biggest celebration of Irish music and culture. The iconic festival returns to Belfast from 1 to 8 August 2027.
The joy of the Fleadh is made possible by the people who bring it to life. We're looking for friendly, enthusiastic volunteers to help welcome visitors and create an unforgettable experience across the city.
Whether you're passionate about music and culture, keen to meet new people, or simply want to contribute to a landmark event for Belfast, there's a volunteering opportunity for you.
“Still buzzing from having the privilege of volunteering. From day 1 the volunteer experience has been unreal, the chats with the volunteers and visitors have been an absolute tonic, the best kind of medicine and made lots of new friends for life.”
Why volunteer?
In 2026, more than 1,300 volunteers completed over 3,500 shifts, helping to deliver a welcoming and memorable Fleadh experience. With a range of flexible hours in various locations, volunteering offers the chance to:
- Play a part in the world’s largest celebration of Irish music and culture
- Help showcase Belfast's famous warm welcome
- Meet new people and be part of a city-wide team
- Support visitors, performers and participants
- Be involved in a memorable moment for the city
Volunteer roles
A range of volunteer opportunities will be available including:
- Street Ambassadors – guiding visitors around the city and helping them make the most of their Fleadh experience
- Competition Support – assisting in competition and performance venues
- Fringe Festival Support – supporting cultural and community events taking place across Belfast
- Scoil Éigse Support – helping deliver workshops, performances and learning experiences
Training will be available to support all roles.
“Met amazing people throughout the week. There was pride in the yellow volunteer T-shirt for sure, and a sense of camaraderie that made my first volunteering experience memorable and special. Looking forward to hopefully doing it all again in Fleadh 2027.”
Register your interest
Volunteer recruitment for Fleadh Belfast is being managed by Volunteer Now. Visit their website to find out more about available opportunities and how to apply.
Volunteers play an important role in creating a welcoming, enjoyable and memorable experience for everyone attending Fleadh. By volunteering, you'll be helping visitors discover not only the music and culture of Fleadh, but also the hospitality, character and community spirit that make Belfast special.