31 July 2026
I mí Lúnasa, beidh an ceiliúradh is mó de cheol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta na hÉireann ar domhan ar siúl i mBéal Feirste nuair a bheidh Fleadh Cheoil na hÉireann sa chathair den chéad uair riamh.
Ón 6-9 Lúnasa, déanfar ceithre oíche dhochreidte de shiamsaíocht bheo ó chroílár na Fleiche a chraoladh ar TG4, ag cur an chuid is fearr d’oidhreacht cheoil na hÉireann faoi bhráid an lucht spéise chomh maith le roinnt de na glórtha agus na daoine cumasacha nua is spreagúla atá ag teacht chun cinn i saol an cheoil thraidisiúnta sa lá atá inniu ann.
Déanfar ceiliúradh ar an gceol, na scéalta, na daoine agus na pobail a chuireann chomh mór sin leis na healaíona traidisiúnta, agus sna cláracha seo, beidh léirithe nach ndéanfar dearmad orthu, comhshaothair uathúla agus ócáidí speisialta ceangail nuair a bheidh laochra ceoil na linne seo ar stáitse leis an gcéad ghlúin eile ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí.
Is bliain mhór í seo do Fhleadh Cheoil na hÉireann agus is deis iontach atá ann timpeallacht shaibhir chultúir Bhéal Feirste a thaispeáint agus na céadta mílte cuairteoirí ag teacht chun na cathrach i gcomhair seachtain cheiliúrtha de chultúr na hÉireann.
Arna léiriú ag Power Pictures, comhlacht léiriúcháin a bhfuil gradaim buaite acu, déanfaidh triúr láithreoir a bhfuil an-aithne ag an lucht spéise orthu agus a bhfuil ceol traidisiúnta agus cultúr na hÉireann go smior iontu an clár a chur i láthair:
Is iad Doireann Ní Ghlacáin, Peadar Ó Goill agus Gráinne McElwain a chuirfidh Fleadh26 TG4 i láthair beo, gach aon oíche ag 9:30pm, ar ardáin Fleadh26 TG4, a bheidh suite idir Sráid an Fhuaráin agus Sráid an Chaisleáin, áit a mbeidh ceol spleodrach ó na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír, réaltaí atá ag teacht chun cinn, aíonna idirnáisiúnta, agus buaiteoirí chomórtais na bliana seo, agus é sin go léir á chraoladh beo don lucht spéise sa mbaile agus thar lear.
Beidh rogha de na comórtais ar Trad TG4 - YouTube freisin ón Aoine go dtí an Domhnach, ón 7 go 9 Lúnasa. Beidh an comórtas is fearr leis an slua 'Comórtas Bannaí Céilí na Sinsear’ ar siúl ar an Domhnach.
Ó sheónna ardáin beo agus fuinniúla go hábhar Cúla4 atá oiriúnach don teaghlach ar fad, tiocfaidh an Fhleadh chun beatha ar fud chainéil TG4, TG4.ie (seinnteoir) agus ar fud ardáin shóisialta @TG4TV agus @TradTG4.
Ceithre Oíche, Féile Amháin, Tallann Bheo gan Teorainn ag Fleadh26
Déardaoin an 6 Lúnasa
- Brian Kennedy - Na Hothouse Flowers - Tim Edey – Talisk - Na Johnny Quinn Macs - Jessica Willis Fisher - Michael McGovern - The Unprepared – Gary Hastings - Mná an Chomhaltais - Steve Cooney & Caoilte Ó Cuanaigh Ceolfhoireann Tíre Trasteorann nÓg Music Generation an Chabháin/Mhuineacháin (le Michael Rooney, Máirtín O’Connor, Bríd Harper, Niall Hanna)
Dé hAoine an 7 Lúnasa
- Lúnasa - Clare Sands – Banna Céilí Kilfenora - Project Smok – David Keenan - Tim Edey - J.P. Cormier - Cedar Dobson - Lúan – Sexy Tadhg - Niamh Noade – Dolores Keane Tribute – Ceolfhoireann Trasteorann na hÉireann
Dé Sathairn an 8 Lúnasa
- Foy Vance - Dónal Lunny - Zoë Conway - Kevin Burke - Eoghan Ó Ceannabháin - Niamh Keady-Tabbal - Déanta - Pólca 4 - Peter Street - Lisa Knapp - Gerry Diver – Trip - Janet Harbison – Windborne - Dermot Byrne - Jim Murray - Noriana Kennedy - Sam Carey
Dé Domhnaigh an 9 Lúnasa
- Bow Brothers - Andy Irvine - Joshua Burnside - Karan Casey - Niall Vallely – Niwel Tsumbu - Enda Scahill - Joel Andersson - Neil Martin - Stephen Rea - Mec Lir - Gary Curley - Stephen McKee - Moya Brennan Tribute – The Piper’s Club Céilí Band
“Tá ríméad ar TG4 a bheith i mBéal Feirste agus Fleadh Cheoil na hÉireann 2026 na bliana seo a chlúdach beo. Déanann clúdach TG4 ar fud ardáin go léir TG4 agus ardán na Fleidhe Cheoil níos éasca é don lucht spéise pleanáil do na ceithre lá agus ceithre oíche agus gach atá ag tarlú beo ag Fleadh Cheoil na hÉireann a fheiceáil dóibh féin. Ina measc beidh ceithre ardán ar TG4 gach oíche ag 9:30pm, sruthú beo ar na comórtais, buaicphointí beo ar feadh an lae ar na cainéil shóisialta, agus foireann Cúla4 ar na sráideanna le scannánaíocht a dhéanamh ar spraoi agus ar thaispeántais cheoil lucht freastail is óige na féile, a thabharfaidh an Fhleadh chomh fada leis an lucht éisteachta ar an bpointe boise, ag cruthú ag an am céanna cartlann nach féidir luach a chur uirthi do na glúnta atá le teacht. Tá TG4 agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann thar a bheith mórtasach as an gcomhoibriú atá eadrainn lena chinntiú go bhfaigheann gach, duine, i ngach áit blaiseadh de phríomhfhéile chultúir na hÉireann.” - Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4.
"Agus muid ag féachaint chun cinn anois ar Fhleadh 2026 a bheidh ar siúl i mBéal Feirste, tá an chomhpháirtíocht atá againn le TG4 ríthábhachtach chun ardán a thabhairt do thraidisiúin shaibhre chultúir na hÉireann. Tríd na cláir fhuinniúla tharraingteacha a chraoltar faoin gcomhpháirtíocht seo, ní hamháin go bhfuiltear ag cur traidisiúin chultúir na tíre seo ar fáil do chách, ach táthar ag cinntiú go mbeidh na traidisiúin sin ina gcuid bhríomhar fheiceálach den tsochaí. Léiríonn an lucht spéise fairsing a tharraingíonn cláir Fleadh TV caighdeán na léiriúchán sin agus an tóir leanúnach atá ag daoine ar fud an domhain ar chultúr na hÉireann.” - Ardstiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, An Dr Labhrás Ó Murchú.
‘Fleadh26: Na Comórtais’
Comórtais Bheo ar líne – TradTG4 YouTube agus Comhaltas.ie
Is féidir le lucht leanúna na n-iomaitheoirí nach bhfuil ar a gcumas a bheith i mBéal Feirste taitneamh a bhaint as raon leathan comórtas a bheidh beo ar Trad TG4 - YouTube, agus is í Freda Nic Giolla Chatháin a chuirfidh an clúdach sin i láthair.
Dé hAoine an 7 Lúnasa
- 2.30pm Na Píoba Uilleann
- 5pm Uirlisí Éagsúla
Dé Sathairn an 8 Lúnasa
- 10am Dísréid
- 1.30pm An Bainseó
- 5pm An Chláirseach
Dé Domhnaigh an 9 Lúnasa
- 10am Bannaí Céilí (Faoi 12)
- 5.30pm-9.30pm Bannaí Céilí na Sinsear
Beidh Foireann Cúla4 ar shráideanna Bhéal Feirste le linn Fleadh26
Tá Cúla4, an t-aon chainéal Gaeilge do dhaoine óga, agus an láithreoir Niamh Ní Chróinín ag tabhairt fuinniúlacht Fleadh26 chuig sráideanna Bhéal Feirste Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 7 agus 8 Lúnasa, le hardán soghluaiste Cúla4.
Tá cuireadh á thabhairt do dhaoine óga atá ag freastal ar an bhFleadh dul ar stáitse agus a gcuid tallainne a thaispeáint don saol mór, ó phoirt agus amhráin thraidisiúnta go rince agus go leor eile. Is cuma más ceoltóir thú a bhfuil neart taithí agat nó mura bhfuil uait ach a bheith páirteach sa spraoi, tá fáilte roimh an uile dhuine chuig stáitse Cúla4 le ceiliúradh a dhéanamh ar chruthaitheacht, ceol agus fuinniúlacht Fleadh26.
Ná caill na buaicphointí! Lean na léirithe go léir is fearr ar chainéil sóisialta Cúla4:
- Instagram:@Cula4_tg4
- Facebook:@Cúla4
Tá mórtas ar TG4 agus RTÉ a bheith ina gcomhpháirtithe oifigiúla meán ar Fhleadh Cheoil na hÉireann, chun spiorad agus fuaim na Fleidhe a chur os comhair an phobail ar fud an domhain i gcomhpháirtíocht le Comhaltas.
This August, Belfast will play host to the biggest celebration of Irish traditional music, song and dance in the world as Fleadh Cheoil na hÉireann comes to the city for the very first time.
From August 6th–9th, TG4 will broadcast four spectacular nights of live entertainment from Belfast City Centre, in the heart of the Fleadh, bringing viewers the very best of Ireland's musical stars alongside some of the most exciting new voices and talents emerging on the traditional music scene today.
This is the first time that Fleadh Cheoil na hÉireann has come to Belfast, the UNESCO City of Culture and a unique opportunity to showcase Belfast's rich cultural landscape as hundreds of thousands of visitors descend on the city for a week-long celebration of Irish culture.
Produced by the award-winning Power Pictures, the live shows will be presented by three familiar faces with deep roots in traditional music and Irish culture.
Presented by Doireann Ní Ghlacáin, Peadar Ó Goill and Gráinne McElwain live each night at 9:30pm, TG4’s Fleadh26 stages, located between Fountain & Castle Street, will come alive with electrifying performances from top traditional artists, rising stars, international guests, and freshly crowned competition winners, all broadcast live to audiences at home and abroad.
A selection of competitions will also be streamed on Trad TG4 YouTube from Friday 7th to Sunday 9th. The crowd favourite 'Senior Céilí Band competition' takes place on Sunday. From live competitions and vibrant stage shows to family friendly Cúla4 content, the Fleadh experience will come to life across TG4, TG4.ie (player) and social platforms @TG4TV and @TradTG4.
"Four Nights, One Festival, Endless Live Talent at Fleadh26"
Thursday 6th
- Brian Kennedy - The Hothouse Flowers - Tim Edey – Talisk - The Johnny Quinn Macs - Jessica Willis Fisher - Michael McGovern - The Unprepared – Gary Hastings - Mná An Chomhaltais - Steve Cooney & Caoilte Ó Cuanaigh Music Generation Cavan/Monaghan Cross Border Youth Folk Orchestra (with Michael Rooney, Máirtín O’Connor, Bríd Harper, Niall Hanna)
Friday 7th August
- Lúnasa - Clare Sands – The Kilfenora Céilí Band - Project Smok – David Keenan - Tim Edey - J.P. Cormier - Cedar Dobson - Lúan – Sexy Tadhg - Niamh Noade – Dolores Keane Tribute – Cross Border Orchestra of Ireland
Saturday 8th August
- Foy Vance - Dónal Lunny - Zoë Conway - Kevin Burke - Eoghan Ó Ceannabháin - Niamh Keady-Tabbal - Déanta - Pólca 4 - Peter Street - Lisa Knapp - Gerry Diver – Trip - Janet Harbison – Windborne - Dermot Byrne - Jim Murray - Noriana Kennedy - Sam Carey
Sunday 9th August
- Bow Brothers - Andy Irvine - Joshua Burnside - Karan Casey - Niall Vallely – Niwel Tsumbu - Enda Scahill - Joel Andersson - Neil Martin - Stephen Rea - Mec Lir - Gary Curley - Stephen McKee - Moya Brennan Tribute – The Piper’s Club Céilí Band
“TG4 is delighted to be live broadcast partner of Fleadh Cheoil na hÉireann 2026 and work with Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Belfast City Council, and the wider artistic community of Northern Ireland to bring the very best of the Fleadh across the globe on all TG4 broadcast platforms. Broadcasting live from a newly build Fleadh village, the Waterfront Hall and across the streets of Belfast, we look forward to four days and four nights of the very best of entertainment.
On TG4 TV, TG4’s trad YouTube, the TG4 player and all social channels, audiences can plot their way through non – stop entertainment.
TG4’s social channels will also come ablaze, and our Cúla4 team will be on the streets capturing the fun and performances of our youngest festivalgoers bringing the Fleadh to audiences here and now, while creating an invaluable archive for generations to come. TG4 and Comhaltas Ceoltóirí Éireann are immensely proud of the collaboration we have built to ensure that everyone, everywhere gets a taste of Ireland's premier cultural festival.” Proinsias Ní Ghráinne, Commissioning Editor, TG4.
"As we look ahead to Fleadh 2026 in Belfast, our partnership with TG4 remains crucial in showcasing Ireland’s rich cultural traditions. Through the dynamic and engaging programming, our partnership is not only making our cultural traditions accessible to all but ensuring they remain a vibrant and visible part of our society. The widespread audience drawn to the Fleadh TV broadcasts reflects both the quality of the productions and the enduring appeal of Irish culture across the globe." Ardstiúrthóir of Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Dr. Labhrás Ó Murchú.
‘Fleadh26: Na Comórtais’
Competitions Live Online Trad TG4’s YouTube Channel and on Comhaltas.ie
Followers and families who can’t make it to Belfast can still cheer on competitors and watch them compete live in a wide range of competitions streamed live on the TG4. This is the first year that TG4 and Comhaltas Ceoltoirí Éireann will live stream the Junior, under 12 Céilí Band competitions. Produced by Telegael.
Live streams on TradTG4 YouTube channel and at Comhaltas.ie with coverage presented by Freda Nic Giolla Chatháin.
Friday 7th August
- 2.30pm Uilleann Pipes –
- 5pm Miscellaneous Instrument
Saturday 8th August
- 10am Duets
- 1.30pm Banjo
- 5pm Harp
Sunday 9th August
- 10am Céilí Bands (U12)
- 5.30pm-9.30pm Senior Céilí Bands
The Cúla4 Team Takes to the Streets of Belfast for Fleadh26
Cúla4, the dedicated Irish-language children's channel, and presenter Niamh Ní Chróinín are bringing the excitement of Fleadh26 to the streets of Belfast on Friday 7th and Saturday 8th August with the Cúla4 mobile stage.
Young Fleadh-goers are invited to step into the spotlight and showcase their talents, from traditional tunes and songs to dancing and much more. Whether you're a seasoned performer or simply want to join in the fun, everyone is welcome to take to the Cúla4 stage and celebrate the creativity, music, and energy of Fleadh26.
Don't miss the highlights! Follow all the best performances on Cúla4's social channels:
- Instagram: @Cula4_tg4
- Facebook: @Cúla4
As proud official media partners of Fleadh Cheoil na hÉireann, TG4 and RTÉ, in collaboration with Comhaltas, are delighted to bring the unique spirit, energy, and sound of the Fleadh to audiences at home and around the globe.