4 November 2026
A six-part highlights series of Fleadh Cheoil na hÉireann 2026 which took place in Belfast for the very first time.
Broadcasting on RTÉ One, Fridays from 6th November at 8:30PM
The popular Fleadh Cheoil series returns on Friday, 6th November, showcasing the very best of Irish traditional music from Fleadh Cheoil na hÉireann 2026. For the first time ever, the Fleadh took place in Northern Ireland’s capital, in the stunning, historic city of Belfast and it exceeded all expectations!
Across six episodes, viewers can experience the music filled lanes of Belfast city, lively street sessions and unforgettable musical encounters. RTÉ star Dáithí Ó Sé and acclaimed musician Muireann Nic Amhlaoibh return to guide audiences through the celebrations. Along the way, they meet an array of locally and internationally renowned musicians, including The Woodgies, local musicians like Donal Ó Connor, the McKibbin Brothers, Neil Martin and Jack Warnock, Conor Caldwell and Paddy McKeown, Ríoghnach Connolly, and this year’s Senior Céilí Band Champions, Lissadell Céilí Band.
The series captures the craic, colour and ceol of Ireland’s biggest traditional music festival, bringing viewers right into the heart of Fleadh Cheoil na hÉireann 2026. With Belfast welcoming more than 1.6 million visitors over the eight-day celebration, according to Belfast City Council, this was the biggest Fleadh ever.
The immense pride of Belfast’s communities shines throughout the festival, with the city pulling out all the stops to showcase its musical heritage and vibrant culture. From the spectacular Ulster Bands Showcase at the iconic Titanic Slipways, to the honouring of Gary Hastings as the Ard-Ollamh, and the countless competitions that lie at the heart of the Fleadh, the series celebrates the people and passion that makes the Fleadh.
Visitors and locals come together to soak up the atmosphere, with colourful characters, impromptu sessions and the glorious August sunshine bringing Belfast’s streets to life against the city’s historic backdrop. The series also features an exciting line-up of performances, including Seamus & Caoimhe Uí Fhlatharta, Carlos, Sweeney & McCartin, Róisín Chambers, Breen l Rynne l Murray, Talisk, and many more.
The series is a Red Shoe Production for RTÉ
Fleadh Cheoil - RTÉ One - series starts Friday 6th November 8:30pm
Cuireann Red Shoe Productions agus RTÉ romhaibh Fleadh Cheoil
Sraith sé chlár le buaicphointí Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026 a tionóladh den chéad uair riamh i gcathair Bhéal Feirste
Ar RTÉ One agus RTÉ Player Dé hAoine, an 6ú Samhain ag 8.30pm.
Filleann an tsraith chlúiteach Fleadh Cheoil chugaibh Dé hAoine, 6ú Samhain, le scoth an cheoil traidisiúnta Ghaelaigh ó Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026. Den chéad uair riamh, bhí an Fhleadh ar siúl i bpríomhchathair Thuaisceart Éireann, i gcathair álainn stairiúil Bhéal Feirste agus sháraigh sé gach mian a bhí againn!
Thar shé chlár, beidh deis ag an lucht féachana sult a bhaint as lánaí ceolmhara Bhéal Feirste, seisiúin bhríomhara sráide agus míreanna ceoil nach ndéanfar dearmad go deo orthu. Filleann réalta RTÉ Dáithí Ó Sé agus an ceoltóir iomráiteach Muireann Nic Amhlaoibh chun an lucht féachana a bhreith leo tríd an gceiliúradh ceoil. Ar an mbealach, casann siad le réimse leathan ceoltóirí a bhfuil cáil bainte amach acu go háitiúil agus go hidirnáisiúnta, Ina measc seo tá The Woodgies, ceoltóirí áitiúla ar nós Donal Ó Connor, na deartháireacha McKibbin, Neil Martin agus Jack Warnock, Conor Caldwell agus Paddy McKeown, Ríoghnach Connolly, chomh maith le Curaidh chomórtais Céilí Sinsearach na bliana seo, Banna Céilí Lissadell.
Tá an tsraith lán suas le craic, dath agus ceol ón bhféile cheoil traidisiúnta is mó in Éirinn, agus tugann sí lucht féachana isteach i gcroílár Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026. Le breis agus 1.6 milliún cuairteoir ag teacht go Béal Feirste le linn an cheiliúrtha ocht lá, de réir Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, ba í seo an Fhleadh ba mhó riamh.
Léiríonn pobail Bhéal Feirste a mbród ollmhór le linn na féile, agus an chathair ag déanamh a seacht ndícheall a hoidhreacht cheoil agus a cultúr bríomhar a thaispeáint. Ó Sheóthaispeántas Bhannaí Uladh ag Sliopaí iomráiteacha Titanic, go bronnadh an ghradaim mar an Ard-Ollamh ar Gary Hastings, agus na comórtais iomadúla atá i gcroílár na Fleadha, ceiliúrann an tsraith na daoine agus an paisean a chruthaíonn an Fhleadh.
Tagann cuairteoirí agus muintir na háite le chéile chun atmaisféar na féile a bhlaiseadh, le carachtair ildaite, seisiúin gan choinne agus grian bhuí an Fhómhair ag tabhairt sráideanna stairiúla Bhéal Feirste chun beatha. Tá spleodar sa tsraith chomh maith, le léirithe ó Shéamus & Caoimhe Uí Fhlatharta, Carlos, Sweeney & McCartin, Róisín Chambers, Breen l Rynne l Murray, Talisk, agus go leor eile.
Is léiriú de chuid Red Shoe Productions í an tsraith seo do RTÉ.
Fleadh Cheoil - RTÉ One - ag tosú Dé hAoine, 6ú Samhain ag 8:30pm.