Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar ais i mBaile Loch Garman i Lúnasa 25!
Bhí seachtain iontach d’imeachataí Gaeilge ann anuraidh agus beidh Fleadh 25 níos fearr arís! Mar chuid de na himeachtaí Gaeilge tá sé i gceist ‘féile laistigh d’fhéile’ a rith timpeall Cearnóg Selskar le linn na seachtaine.
Bhí ceoltóirí, scéalaithe, amhránaithe, filí, siamsóirí agus go leor eile nach iad againn anuraidh, agus ba mhaith linn cur leo i 2025! Faoi láthair táimid ag lorg ceoltóirí, amhránaithe, filí, siamsóirí agus eile le Gaeilge chun an clár Gaeilge a líonadh.
Má tá spéis agat a bheith páirteach i bhFleadh 25, líon an fhoirm thíos nó déan teagmháil linn ag snag@fleadhcheoil.ie. Spiocdháta 7ú Márta 2025
Foirm Iarratais:
https://forms.gle/a57TJUCR9iJ4gqLD6”

