Site icon Fleadh Cheoil na hÉireann 2024

Beo i Selskar | Live in Selskar (Déardaoin 8 Lúnasa)

5:30-6.00pm Roisín Nic Ghearailt

Is file nua agus liriceoir í Róisín Nic Ghearailt, scríobh sí a chéad dán as Gaeilge an bhliain seo caite agus anois tá sí go hiomlán gafa leis.

 6 – 6:30pm Cúán de Búrca

Is as Baile Átha Cliath do Chúán de Búrca. Tá a fhilíocht go mór faoi anáil an bhéaloidis agus is breá leis imeartas focail. Tá méid Gaeilge áirithe, dornán Gàidhlig, agus Béarla briste aige.

6:30-7.00pm Jade Beo

Ealaíontóir, ceoltóir agus láthreoir raidió í Jade Buttle ó na Crosa Beaga, Contae Loch Garman. Tá Jade ag obair go lánaimseartha le Raidió Rí-Rá, agus bíonn sí ag scríobh filíochta agus ag casadh ceoil ina h-am saor.

7.00pm-8.00pm The Hugo Lynn Experience

Níl aon rud inchurtha le Hugo Lynn Experience. Deir Hugo as Loch Garman gur féidir a lucht éisteachta bheith ag súil le taithí eile go mór mór. Beidh Connor Brennan ar na drumaí agus Ben Young ar an ndod in éineacht le Hugo.

8.00pm-9:15pm Melanie O’Reilly’s Gaelic Jazz Ensemble

Tugann Melanie O’Reilly a fuaim snagcheoil chuig an bhFleadh le meascán uathúil de cheol traidisiúnta na hÉireann agus snagcheol. Beidh Carole Nelson, Dave Mooney agus aoi speisialta as California Anne Goess ag
seinm le Melanie.

Exit mobile version