Lóistín

 

Campáil

Ionad Campála CLG Dhroichead an Chláir

Is áit an-oiriúnach ionad campála Dhroichead an Chláir mar lóistín do chuairteoirí a bhfuil ag iarraidh freastal ar an bhFleadh. Tá sé lonnaithe 2km ó lár Bhaile na hInse. Tógann sé 20-25 nóiméad siúil go hInis nó is turas an-ghearr é ar an mbus tointeála a bheidh ag freastal ar an ionad campála go rialta gach lá.

Tá réimse siopaí, tithe tábhairne agus siopa poitigéara laistigh de 5 nóiméad siúile ón ionad campála, agus más maith leat níos mó de Shlí an Atlantaigh Fhiáin a fheiceáil tá Droichead an Chláir 30n sa charr ó Chósta an Chláir.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.enniscamping.com

Camping

An tÓstán Glampála

Ag an óstán glampála is breá linn campáil ghálanta bhúitíc a offráil dár aíonna. Anuas air sin cuirimid pubaill chlogchruthacha ar cíos le haghaidh ócáidí príobháideacha agus cóisirí. Is féidir puball a thógáil ar cíos i gcomhair réimse leathan d’ócáidí agus de chúiseanna. Is lóistín iontach iad na pubaill chlogchruthacha d’aíonna bainise agus d’ócáidí corpáireadacha.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.theglampinghotel.com

The Glamping Hotel

Lóistín do Charbháin agus do Veain Campála in Ennis RFC

Lonnaithe gar le croílár na Inse, níos lú ná deich nóiméad siúil ó lár an bhaile, ba mhaith le Ennis RFC fáilte a chur roimh áirithintí i gcomhair ár páirc sealadach lán-fhreastalta do charbháin/veain campála le linn Fhleadh Cheoil na hÉireann, Inis 2016. Cuirfimid fáilte, ach go háirithe, roimh rannpháirtithe ó Scoil Éigse. Chun lóistín a chur in áirithe linn, téigh i dteagmháil le Alan ag (083) 106 1299 nó féach ar na nascanna thíos…

Cliceáil Anseo chun fiosrúcháin a dhéanamh nó Cliceáil Anseo chun áit a chur in áirithe.

Caravan