Inis, Croílár an Traidisiúin

Is é Fleadh Cheoil na hÉireann an t-ardán is fearr ar domhan dár nEalaíona Traidisiúnta. Tagann rogha na n-amhránaithe, na gceoltóirí agus na rinceoirí traidisiúnta ó cheann ceann na tíre agus ó gach cúinne den domhan go háit amháin chun casadh ar a chéile, chun tabhairt faoi chomórtais, agus níos tábhachtaí fós chun ceiliúradh a dhéanamh ar scoth an cheoil, an damhsa agus na hamhránaíochta.

Don bhaile óstach, ciallaíonn Fleadh Cheoil na hÉireann go mbeidh slua áthasach de cheoltóirí agus éisteoirí araon, idir óg agus aosta, idir theaghlaigh agus thurasóirí, tagtha agus iad tarraingthe ag draíocht na Fleidhe. Tá go leor dúshlán don bhaile óstach agus don chomhphobail timpeall air freisin agus iad ag obair chun lóistín a chur ar fáil don slua mór, chun comórtais a eagrú agus chun cinntiú go mbeidh an Fhleadh ina hócáid speisialta do gach aon duine a bhfuil páirteach inti.

Ní hé seo an chéad uair a bhí Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl in Inis. Ba é Inis an bhaile óstach don Fhleadh trí huaire roimhe seo, sna blianta 1956, 1977 agus anuraidh in 2016.


1956
Aithnítear, go ginearálta, go raibh ról tábhachtach ag Fleadh Cheoil na hÉireann 1956 in athbheochan ár gcultúr traidisiúnta. Dhear an Coiste Eagrúcháin, faoi stiúir ag Seán Reid, leagan amach nua iontach chun na healaíona traidisiúnta idir amhráin, ceol, agus rince a chur i láthair. Thaitin an Fhleadh sin go mór leis na rannpháirtithe agus an lucht féachana araon agus bhí go leor suime sna meáin sa bhaile agus thar lear. Scríobh Robbie McMahon an t-amhrán “The Fleadh Down in Ennis” faoi Fhleadh 1956 agus bhí sí fós úr i gcuimhne na ndaoine sa bhliain 1977 nuair a tháinig Fleadh Cheoil na hÉireann ar ais go hInis don dara huair, agus bhí an dara Fleadh chomh maith céanna.


1977
Ba mhór an éifeacht a bhí ag an ócáid cheannródaíoch seo ar thírdhreach ceoil traidisiúnta na hÉireann. Spreag sé glúin iomlán d’ealaíontóirí atá fós ar thús cadhnaíochta sa ghluaiseacht chun ár n-oidhreachta cultúrtha a chur chun cinn; lena n-áirítear Kieran Hanrahan, Paul Roche, Eamonn agus Geraldine Cotter, Vincent McMahon, Gearóid Ó hAllmhuráin, John agus Séamus McMahon, Carol Talty, James Cullinan agus Mary agus Josephine Nugent.

Chuir rath Fhleadh 1977 leis an bhfuinneamh chun ceanncheathrú a thógáil i gcomhair Comhaltais sa chontae. Inniu tá Cois na hAbhna, a athchóiríodh le déanaí, ag chur na healaíona traidisiúnta ar fáil do mhuintir an Chláir trí mheán ceoil, amhránaíochta, scannánaíochta, iarsmalann shuntasach, agus ranganna ag a bhfuil fáilte roimh gach aon duine.

2016
Ní hamháin gur reáchtáil Inis Fleadh Cheoil na hÉireann le bród agus le rath san aimsir atá thart, sa lá atá inniu ann tá baile na hInse ina chroílár de thraidisiún láidir atá le feiceáil i ngach cearn den chontae. Traidisiúin ina n-aithnítear ainmneacha mar Willie Clancy, Mrs Crotty, Junior Crehan agus Paddy Canny ar an toirt.

Ach ní bhaineann laochra an tseansaoil barr feabhais de na ceoltóirí reatha. A mhalairt ar fad. In ainneoin sin, spreagann a n-oidhreacht na glúin nua de cheoltóirí chun cáil Chontae an Chláir mar bhaile ceoil thraidisiúnta a chosaint.  

I bhFleadh 2016 d’fhreastail níos mó daoine óga ar na máistir-ranganna ag Scoil Éigse ná a d’fhreastail riamh, d’fhreastail an líon daoine is airde riamh ar na ceolchoirmeacha, mhéadaigh líon na n-iomaitheoirí toisc gur chuir níos mó daoine ón gcoigríoch, lena n-áirítear dhá bhanna Céilí ón tSeapáin, isteach ar na comórtais agus chraol Fleadh TV 12 uair de theilifís bheo anamúil.

Labhair na daoine a d’fhreastail ar an bhFleadh go haigeanta agus go moltach maidir le scála agus le gairmiúlacht eagrúcháin na hócáide. Úsáideadh dhá chruinneachán le háit do 3500 duine san iomlán, rud a cinntíodh freastal uasta ag go leor de na comórtaisí agus de na heachtraí. Úsáideadh ionaid mhóra eile mar Ghlór chomh maith, rud a chabhraigh le bainistiú na sluaite móra.

D’éirigh go geal le Fleadh 2016. Chuir sé fís agus mianta Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar aghaidh go náisiúnta agus go háitiúil.

Is mór an onóir do lucht na hInse agus an Chontae ar fad Fleadh Cheoil na hÉireann a reáchtáil arís sa bhliain 2017.


Oidhreacht Chultúrtha Shaibhir an Chláir
Reáchtálfar go leor ócáidí ar fud an Chláir gach bliain, lena n-áirítear Scoil Samhraidh Wille Clancy agus na Féilte san Fhiacail agus sa Tulach. Reáchtálfar dhá féile traidisiúnta i mBaile na hInse a bhfuil clú agus cáil orthu go hidirnáisiúnta, is iad sin an Fhleadh Nua a bhíonn ar siúl gach Bealtaine agus Ennis Trad Festival a bhíonn ar siúl gach Mí na Samhna.

Chomh maith leis sin bíonn ócáidí ceoil ar siúl in Inis ó thús deireadh na bliana idir chéilithe i gCois na gAbhna agus cheolchoirmeacha in Glór. Bíonn seisiúin níos neamhfhoirmeálta ar siúl sna tithe tábhairne agus in óstáin an bhaile gach oíche sa tseachtain. Is léir chomh maith ón stáisiún raidió Clare F.M. go bhfuil ceol traidisiúnta fite fuaite i ngnáthshaol an bhaile agus an chontae. Craoltar 2 uair an chloig de cheol traidisiúnta gach tráthnóna ó Luan go hAoine, ar chlár a mheallann figiúirí éisteachta an-ard.

Cabhraíonn an líonra de Bhrainsí Comhaltais go mór le beocht na nEalaíon Traidisiúnta i gContae an Chláir sa lá atá inniu ann. Tá Ionad Acmhainne Réigiúnach iontach ag Contae an Chláir i gCois na hAbhna agus tá Tithe Ceoil i gCoill Rois, in Inis Díomáin agus i gCorra Finne. Tá sceitimíní ar na baill de gach brainse de Chomhaltas sa Chláir faoi theacht Fhleadh Ceoil na hÉireann go dtí an contae. Is iontach an deis é do Chomhaltas sa Chláir Fleadh Cheoil na hÉireann a reáchtáil mar is féidir leo a gcumais agus a n-éachtaí a thaispeáint go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Ní hamháin go bhfuil na brainsí ar fad de Chomhaltas sa Chlár ag súil go mór le Fleadh Cheoil na hÉireann a reáchtáil, bhí muintir na hInse agus muintir an chontae ar fad sásta cabhrú chomh maith. Thug na húdaráis áitiúla, chomh maith leis na hearnála deonacha agus na gnóthaí áitiúla tacaíocht iomlán d’Fhleadh Cheoil na hÉireann 2017.

Sa bhliain 2010, d’óstáil Inis Féile na nGael. Bhí na mílte daoine óga sa bhaile agus sa cheantar thart air agus aithníodh gur cheann de na comórtais is rathúla riamh a bhí ann. Bhuaigh Inis Gradam Náisiúnta Glór na nGael i 2007. Tar éis an Bonn Óir Eorpach a bhuachan ag an gcomórtas Entente Florale i 2002, bhuaigh an bhaile gradam náisiúnta na mBailte Slachtmhara i 2005. Idir 1998 agus 2002 ba é Inis baile Aois na Faisnéise in Éirinn.

Is léir ón taithí go bhfuil meas mór ag lucht bhaile na hInse agus Chontae an Chláir ar a dtimpeallacht chultúrtha agus fhisiciúil, go bhfuil meon láidir de mhórtas saoránaigh iontu agus go nglacann siad páirt iomlán i dtionscadail shuntasacha.